Eolas iontach maith ag Margaret ar luibheanna agus ar na leigheasanna atá iontu. D’fhoghlaim sí fúthu óna máthair agus ba óna máthair féin a d’fhoghlaim seise.
Báchrán– Úsáidtear sa Mhárta é fá choinne do chuid fola a ghlanadh. Thig leat cloch aoil a chur fríd más maith leat fá choinne do chuid cnámha.
Luibheanna fá choinne an chroí:
a) Luibh an chroí
b) Cineál dúcasach agus biolar.
Rua fá choinne do chuid duáin.
Sú dreasagaí fá choinne creasú.
Cúl fáich (nettles), fá choinne imshruthú (circulation).
Luibh fá choinne buinneach:
Le fáil sa phortach agus an duilliúr atá air fá choinne do shalachar béil.
Biolar fá choinne ducht agus casachtach.
Carrageen Moss (Beardie)
Iontach maith do do ghoile, fá choinne ducht a réiteach.
Itear sloc i mí Feabhra.
An báchrán i mí na Marta.
Na fochaigí dubha san Aibreán.
Tá siad seo iontach maith fá choinne do chóras a ghlanadh amach (detox)
Úsáidtear salann garbh istigh i stocaí olann agus iad a théadh. Maith dá mbeadh muineál nimhneach ort.
Luibh Phádraig:
Fá choinne creasú i ndiaidh dódh leis an phian a mharú.
Oinniúin a rósadh i bpoll na luath a ithe dá mbeadh piachán ort.
Uisce frog i mbuidéal ar feadh bliana – ola, iontach maith ag na cnámha, i ndiaidh an gheimhridh fá choinne na joints a dhéanamh umhal.
Craiceann giorria fá choinne cnámha nimhneach (joints) agus at (swelling). Maraíonn sé na pianta.
Gairleog maith ag glanadh fola agus é a chur i mbarr bróige, iontach maith ag airtríteas (arthritis) agus aicíd na gcnámh (rheumatism).
Potaí dubha na dtrí gcos. Dhéantaí an chuid is mó den chócaireacht sna potaí sin; le linn a n-úsáid d’fhaightí maitheas iarainn an phota sna preátaí nó cibé a bhí a bhruith.
Caisearbhán (Dandelion) É a ithe le salads.
Maith ag do ghoile – dá mbíodh dódh croí ort.
Shamaí: maith le tart a bhaint díot.
Báinín dearg: Fá choinne tú a choinneal breá te.
Snáth olann fá choinne creasú gága
Bláthach fá choinne feabhas a chur ar do chraiceann.
Siúl ar thalamh i ndiaidh a thiontú fá choinne iarann a tharraingt isteach i do chorp.
Fad: 00:16:29 Éist